Thursday 23 November 2017

Déardaoin na nDaltaí: Cuid 3: Frásaí coitianta a mbíonn deacrachtaí ag daoine leo go minic

Is féidir le foghlaimeoirí go leor ama a chaitheamh ar bhunstruchtúir Gramadaí, ach uaireanta ní leor é sin chun abairtí ceart a chur le chéile ag an tús. Mar sin, cheap mé go mbeadh sé deas iontráil a dhéanamh faoi nathanna coitianta a mbíonn deacrachtaí ag daoine leo go minic.

From what I've seen, adult Irish language learners can spend so long on basic grammar structures without anything to show for it in the early stages of learning the language. It's all good and well knowing your prepositions/verbs etc. inside out, but if you can't string a sentence together, what's the point? I believe that language learners in this boat lose confidence when they hit this point, and therefore decided that I'd post today about phrases that people often find hard to grasp/often mix up. I believe that if you master these phrases early on, it will make life a little easier down the road during your Irish language learning journey! I hope that people will find this helpful, and feel free to shoot me an email @ eochairfeasafoghlaim@gmail.com if you have any questions!

Tá súil agam go mbeidh an cháipéis seo cabhrach agus má ta fadhb ar bith agaibh, seol ríomhphost chugam @ eochairfeasafoghlaim@gmail.com.

- Dúlra

Google docs link:
https://docs.google.com/document/d/1dM-bULBqL5SlctPQuZ6zy1LyMUv3GJvJriMBStj8t4w/edit?usp=sharing

Thursday 19 October 2017

Déardaoin na nDaltaí: Cuid 2 - Cúrsaí Ama + Na Briathra Neamhrialta

Tar éis sos fada, táim ag cur tús arís le mo phostáil sheachtainiúil (le cúnamh Dé...) Déardaoin na nDaltaí, atá bunaitheoirí ar ghlan-tosaitheoirí. An tseachtain seo, is iad nathanna faoi chúrsaí ama atá ar an gclár, chomh maith le cuid de na briathra neamhrialta is coitianta sa Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh na frásaí seo úsáideach daoibh, agus má tá ceist ar bith agaibh is féidir ríomphost a sheoladh chugam ag eochairfeasafoghlaim@gmail.com

After a somewhat lengthy break, I'm attempting to restart my weekly (hopefully) post for complete beginners, Déardaoin na nDaltaí. This week, phrases relating to time and dates, and some of the most common irregular verbs are on the agenda. I hope you find this useful, and feel free to shoot me an email at eochairfeasafoghlaim@gmail.com

Cúrsaí ama:

https://docs.google.com/document/d/1oSKgOXhClauzQA26KtBFGnKeltXkyY_fjwt32D-c24U/edit?usp=sharing

Na briathra neamhrialta:

https://docs.google.com/document/d/1NgqgfTV1KiGbNJ_orWUAwukIkdBVI0ip8SFXTsokNME/edit?usp=sharing

Thursday 6 July 2017

Déardaoin na nDaltaí: Cuid 1 - Ag cur tú fein in aithne

As the primary goal of my blog was to provide resources for people learning Irish, I decided to do a series based on the glantosaitheoir (total beginner), in order to show that you don’t need to buy a textbook to learn Irish, and that a lot can be learned in ten minutes.

This document is based on introducing yourself, and the foundations of many conversations; hello and goodbye. Bain taitneamh as!

https://docs.google.com/document/d/1qSb-bklUdGYcL3RAEK8dJ8JdmlUG0Wys9w88fc3Smco/edit?usp=sharing

Wednesday 14 June 2017

Céard atá uainn?

Mar chuid de choiste na Cuallachta i Maigh Nuad le haghaidh an bhliain acadúil 2017-2018, roghnaigh mé féin agus ceann de mo dhlúthchairde Róisín Ní Mhaoláin (shoutout beag di agus go n-éirí leí lena blag nua) dul go dtí An Comhrá Mór, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge, in Óstán Wynne i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chaite.

Cheapamar go mbeadh sé fiúntach dúinn dul chun na hócáide seo mar uachtarán (mé féin) agus OCP na Cuallachta (Róisín), toisc go ndíoríodh ar chur chun cinn na Gaeilge trí úsáid na meán sóisialta, agus todhcaí na Gaeilge amach anseo. Tá na meáin shóisialta thar a bheith tábhachtach i bhfeidhm na Cuallachta, agus mar sin cheapamar go bhfoghlaimeoimis gur leor rudaí ar an lá. Caithfidh mé a rá go raibh an ceart iomlán againn, agus gur bhaineamar an-sult as an lá. Pléadh conas na meáin a úsáid i gceart ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de, idir thábhacht na teachtaireachta soiléire agus cé chomh tábhachtach is atá sé mórán a rá i mbeagán focal (nílim ag cloí leis an riail sin…). D’fhoghlaim mé cé chomh cumhachtach is atá an suaitheantas agus tú ag iarraidh rud a chur chun cinn, idir fháinní agus ciorcail, agus ambasadóirí a bheith agat.

Ceann de na rudaí is mó a sheas amach dom ón lá ná cé chomh díograiseach é an Dream Dearg, agus gur féidir linn go leor rudaí a fhoghlaim dóibh. Sa deisceart, tá an t-ádh linn ó thaobh na Gaeilge de le rudaí áirithe, ach is féidir níos mó a dhéanamh. D’fhoghlaim mé go bhfuil sí rí-thábhachtach aidhm beacht a bheith agat, aidhm cruinn. D’fhoghlaim mé gurb í an difríocht is mó (i mo shúile, ar aon nós) idir mhuintir an deiscirt agus muintir an tuaiscirt ná go bhfuil aidhm beacht acu, agus nach bhfuil ceann againn mar gheall ar dheighilt idir na Gaeil anseo. Chuir sé sinn ag smaoineamh mé: céard atá uainn? Tá Acht na Gaeilge uathu sa tuaisceart, ach níl a fhios againn go díreach céard atá uainn go fóill anseo.


D’fhoghlaim mé féin agus Róisín go leor rudaí eile a bheidh bainteach lenár n-obair sa Chuallacht i Maigh Nuad an bhliain seo chugainn, cosúil le conas feachtas rathúil a eagrú. Ní raibh a fhios agam go raibh baint ar bith idir an Ghaeilge, agus an reifreann faoin gcomhionnanas pósta, ach d’éirigh le Conradh na Gaeilge agus a n-aoichainteoir iontach mo shúile a osailt. D’fhoghlaim mé níos mó i lá amháin faoin nGaeilge sa tír seo ná riamh i mo shaol, ó dream a oibríonn ar son na Gaeilge, gan stad gan staonadh. Ócáid iontach a bhí ann agus anois táim fágtha arís leis an gceist amháin sin: céard atá uainn? 

Sunday 16 April 2017

Fáilte!

Dia dhaoibh a chairde Gael, agus fáilte romhaibh uilig chuig an blag beag seo! Cheap mé go mhíneoinn an fáth gur chruthaigh mé an blag seo sa chéad phóstail seo. Is mac léinn mé atá i mbun staidéir ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal. Le linn na tréimhse atá caite agam san ollscoil go dtí seo, tháinig sé chun solais dom go bhfuil cuid mhór achmhainní ar fáil le haghaidh foghlaimeoirí Gaeilge. Chun an fhírinne a rá bíonn sé deacair ar mhic léinn eolas a fháil maidir leis na hachmhainní seo. Bíonn taithí acu ar chuid acu, ach ní dóigh liom go bhfuil áit áirithe gur féidir le mic léinn eolas cuimsitheach a fháil fúthú go léir le chéile in aon áit amháin (má tá, is féidir libh mé féin a cheartú). Ní haon saineolaí mé, ach tá taithí phraiticiúil agam ar fhoghlaim na Gaeilge. Is mian liom comhairle mhaith a thabhairt do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, ionas go mbeidh sé níos éasca dóibh é sin a dhéanamh, agus ionas gur féidir leo na hachmhainní seo a úsáid chomh maith agus is féidir leo.

I'd like to welcome all fellow Gaeilgeoirí to this little blog! I thought that I would explain the reason I have created this blog in this first post. I am a third level student studying Irish at third level. During my first few months spent in university it has come to light that there are many different resources available to learners of the Irish language. Truthfully, it can be difficult for students to find comprehensive information about these resources in once place. They might have experience dealing with a few of them, but haven't been able to come across a definitive list of all of them. I'm unaware if such a list/website exists, but if I'm wrong feel free to correct me! I am definitely no expert on the language itself, but what I do have is practical experience of learning the language and using these different resources. My goal is to use this blog in order to give learners of the Irish language useful information about these resources in order to make the best use of them.

Tá súil agam go mbeidh an t-eolas a chuirfidh mé ar fáil úsáideach agus go raibh maith agat as ucht an bhlag seo a léamh!

I hope that people find the information I intend to post about useful and helpful and thank you very much for reading this post!

Tar ar ais go luath le haghaidh an chéad phóstáil eile!