Wednesday 14 June 2017

Céard atá uainn?

Mar chuid de choiste na Cuallachta i Maigh Nuad le haghaidh an bhliain acadúil 2017-2018, roghnaigh mé féin agus ceann de mo dhlúthchairde Róisín Ní Mhaoláin (shoutout beag di agus go n-éirí leí lena blag nua) dul go dtí An Comhrá Mór, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge, in Óstán Wynne i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chaite.

Cheapamar go mbeadh sé fiúntach dúinn dul chun na hócáide seo mar uachtarán (mé féin) agus OCP na Cuallachta (Róisín), toisc go ndíoríodh ar chur chun cinn na Gaeilge trí úsáid na meán sóisialta, agus todhcaí na Gaeilge amach anseo. Tá na meáin shóisialta thar a bheith tábhachtach i bhfeidhm na Cuallachta, agus mar sin cheapamar go bhfoghlaimeoimis gur leor rudaí ar an lá. Caithfidh mé a rá go raibh an ceart iomlán againn, agus gur bhaineamar an-sult as an lá. Pléadh conas na meáin a úsáid i gceart ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de, idir thábhacht na teachtaireachta soiléire agus cé chomh tábhachtach is atá sé mórán a rá i mbeagán focal (nílim ag cloí leis an riail sin…). D’fhoghlaim mé cé chomh cumhachtach is atá an suaitheantas agus tú ag iarraidh rud a chur chun cinn, idir fháinní agus ciorcail, agus ambasadóirí a bheith agat.

Ceann de na rudaí is mó a sheas amach dom ón lá ná cé chomh díograiseach é an Dream Dearg, agus gur féidir linn go leor rudaí a fhoghlaim dóibh. Sa deisceart, tá an t-ádh linn ó thaobh na Gaeilge de le rudaí áirithe, ach is féidir níos mó a dhéanamh. D’fhoghlaim mé go bhfuil sí rí-thábhachtach aidhm beacht a bheith agat, aidhm cruinn. D’fhoghlaim mé gurb í an difríocht is mó (i mo shúile, ar aon nós) idir mhuintir an deiscirt agus muintir an tuaiscirt ná go bhfuil aidhm beacht acu, agus nach bhfuil ceann againn mar gheall ar dheighilt idir na Gaeil anseo. Chuir sé sinn ag smaoineamh mé: céard atá uainn? Tá Acht na Gaeilge uathu sa tuaisceart, ach níl a fhios againn go díreach céard atá uainn go fóill anseo.


D’fhoghlaim mé féin agus Róisín go leor rudaí eile a bheidh bainteach lenár n-obair sa Chuallacht i Maigh Nuad an bhliain seo chugainn, cosúil le conas feachtas rathúil a eagrú. Ní raibh a fhios agam go raibh baint ar bith idir an Ghaeilge, agus an reifreann faoin gcomhionnanas pósta, ach d’éirigh le Conradh na Gaeilge agus a n-aoichainteoir iontach mo shúile a osailt. D’fhoghlaim mé níos mó i lá amháin faoin nGaeilge sa tír seo ná riamh i mo shaol, ó dream a oibríonn ar son na Gaeilge, gan stad gan staonadh. Ócáid iontach a bhí ann agus anois táim fágtha arís leis an gceist amháin sin: céard atá uainn?